Beartas Príobháideachais
De ghnáth, ní dhéanann Baile Átha Cliath - Cathair Litríochta UNESCO eolas pearsanta a bhailiú fút ar an láithreán gréasáin seo, ach amháin an t-eolas ar ghá duit a chur isteach agus foirm teagmhála nó foirm fiosrúcháin treoirlínte brandála á comhlíonadh agat, nó an t-eolas a chuireann tú ar fáil trí r-phost. Ní úsáidfimid an t-eolas pearsanta a sholáthraíonn tú ach amháin chun na críche atá beartaithe agus ní thabharfaimid do shonraí pearsanta do thríú páirtithe ar bith.
Bailítear, i bhfoirm anaithnid, sonraí teicniúla na cuairte agat ar an láithreán gréasáin seo agus taifeadtar iad chun críocha staitistiúla agus gnó amháin. Áirítear leis na sonraí sin seoltaí IP, téarmaí cuardaigh gréasáin agus eolas iompar cuairteora.
D'fhaisnéis phearsanta a rialú
Féadann tú sonraí a iarraidh faoin fhaisnéis phearsanta a choimeádtar fút faoi Alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.
Dá mba mhaith leat cóip den fhaisnéis a thug tú ar an láithreán gréasáin seo agus a choimeádtar ann, bain úsáid le do thoil as an bhfoirm Déan Teagmháil Linn a chuirtear ar fáil. Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh tuilleadh eolais a bheith ag teastáil uainn chun tú a aithint, le do phríobháideachas a chosaint.
Úsáid fianán againn
Úsáideann an láithreán gréasáin seo "Google Analytics" chun cabhrú le hanailís a dhéanamh ar conas a bhaineann úsáideoirí úsáid as an láithreán. Úsáideann an uirlis anailíse seo 'fianáin', is iad sin téacschomhaid a chuirtear ar do ríomhaire, le heolas caighdeánach loga Idirlín agus eolas iompar cuairteora a bhailiú i bhfoirm anaithnid. Tarchuirtear chuig Google an t-eolas a ghineann an fianán maidir le húsáid an láithreáin ghréasáin agat (lena n-áirítear do sheoladh IP). Ansin, úsáidtear an t-eolas seo le measúnú a dhéanamh ar úsáid an láithreáin ghréasáin ag cuairteoir agus le tuarascálacha staitistiúla a chur le chéile ar an ngníomhaíocht láithreáin ghréasáin. Ní úsáidfear an uirlis anailíse staitistiúla le faisnéis inaitheanta pearsanta a rianú ná a bhailiú faoi na cuairteoirí ar an láithreán gréasáin againn.
Féadann tú glacadh le fianáin nó diúltú dóibh trí na socruithe ar an mbrabhsálaí agat a mhionathrú.
Naisc le láithreáin eile
Ní chlúdaíonn an beartas príobháideachais seo naisc le láithreáin ghréasáin sheachtracha.
Ráiteas Inrochtaineachta
Tá Baile Átha Cliath - Cathair Litríochta UNESCO tiomanta d'fhaisnéis agus do sheirbhísí a sholáthar ar a bhfuil rochtain iomlán ag cách. Leagadh amach an láithreán gréasáin seo de réir na dTreoirlínte maidir le hÁbhar ar an nGréasán - Tosaíocht 1, 2 agus 3 - ag an Údarás Náisiúnta Míchumais. Má bhíonn tuilleadh faisnéise de dhíth ort, breathnaigh le do thoil ar na treoirlínte ag an Údarás Náisiúnta Míchumais http://www.nda.ie/website/nda/cntmgmtnew.nsf/0/34774EDB9EDC2A1E80256F8600431030?OpenDocument
Má thagann tú ar ábhar nach féidir leat úsáid a bhaint as de bharr cúiseanna inrochtaineachta, agus an láithreán gréasáin seo á úsáid agat, ná bíodh eagla ort teagmháil a dhéanamh linn ag an seoladh thíos. Déanfaimid iarracht ansin do riachtanas a shásamh trí mheán éigin eile.
Baile Átha Cliath - Cathair Litríochta UNESCO
Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath
138-144 Sráid an Phiarsaigh
Baile Átha Cliath 2
Teil: 01 674 4862
R-phost:
This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it
Cóipcheart
Is le Baile Átha Cliath - Cathair Litríochta UNESCO nó le tríú páirtithe eile an cóipcheart sna cearta go léir chun an dearaidh, an téacs, na ngrafaicí agus ábhair eile ar an láithreán gréasáin seo.
Tá gach cosúlacht ann go bhfuil cóipcheart ag an údar san ábhar a bhíonn á sholáthar ag tríú páirtí ar bith, lena n-áirítear naisc idir an láithreán seo agus láithreáin ghréasáin eile. Caithfear cead a fháil ón údar chun a leithéid d'ábhar a chóipeáil nó chun úsáid a bhaint as.
Féadtar an fhaisnéis earnála poiblí (FEP) a chuirtear suas ar láithreán gréasáin Bhaile Átha Cliath - Cathair Litríochta UNESCO a íoslódáil faoi réir théarmaí agus coinníollacha an Cheadúnais FEP is déanaí, atá le fáil ar www.psi.gov.ie
An fhaisnéis earnála poiblí gur le Baile Átha Cliath - Cathair Litríochta UNESCO í agus nach bhfuil curtha suas ar an láithreán gréasáin, féadtar iarratas a chur isteach ar an bhfaisnéis sin ach scríobh chuig an oifigeach ainmnithe seo a leanas:
Jane Alger
Stiúrthóir Bhaile Átha Cliath - Cathair Litríochta UNESCO
Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath
138-144 Sráid an Phiarsaigh
Baile Átha Cliath 2
R-phost:
This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it
Privacy Policy


