Cuairt ar Chathair Litríochta Bhaile Átha Cliath:

Faigheann Baile Átha Cliath greim ar an tsamhlaíocht, tá sé lán de chultúr, imeachtaí, dathanna agus radhairc, cúlra fíortharraingteach atá ann chun iniúchadh a dhéanamh ar stair shuimiúil na cathrach agus ar an gcathair mar atá sí inniu.; Tá meabhrúcháin leanúnacha an tsaoil liteartha le feiceáil ar fud Bhaile Átha Cliath atá ina mbuntréith de phearsantacht na cathrach, idir áiteanna a bhfuil baint acu le lucht liteartha mór le rá agus láthair liteartha bheo an lae inniu.
Le haghaidh faisnéise faoi chuairt a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath: www.visitdublin.com
Le haghaidh faisnéise faoi theacht go Baile Átha Cliath agus conas dul ó áit go háit: www.visitdublin.com/travel
Cuairt a thabhairt ar an gcuid eile d’Éirinn:
Is iomaí duine atá tar éis inspioráid a lorg agus a fháil i dtírdhreach agus i saintréithe na hÉireann; Rinne Synge baile dó féin ar na hOileáin Árann de bharr comhairle a fuair sé ó Yeats. Fuair Yeats féin inspioráid óna thimpeallacht i Sligeach agus i nGaillimh i gcás mórán dá chuid saothair. Tháinig líon ollmhór saothar liteartha Gaeilge ó oileán beag iargúlta i gCiarraí.
Caithfidh go bhfuil rud éigin san aer ann...
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chuairt a thabhairt ar an gcuid eile d’Éirinn: www.discoverireland.com
Chun faisnéis a fháil faoi theacht go hÉirinn agus taisteal inti: www.discoverireland.ie/Getting-Around

Visitors




